Feiste chun adaimh a ghaistiú trína luas a laghdú go mór trí fhuarú le léasar. Déantar an gaistiú le réimsí maighnéadacha nó léas dian léasair, fócasaithe ar phonc. Tháinig an t-adamhghaiste maighnéadoptúil, le réimsí maighnéadacha is léasair fhócasaithe, chun cinn ó 1987, agus is é seo an saghas is coitianta anois. Nuair a bhíonn na hadaimh gaistithe, is féidir staidéar a dhéanamh ar a n-airíonna agus iad a úsáid i dturgnaimh san optaic adamhach.[1]